European Centre for Modern Languages

Teanga don ionad oibre – mearthreoir
Conas cuidiú le himircigh aosaigh scileanna teanga a bhaineann le cúrsaí oibre a fhorbairt

Braitheann an rath a bhíonn ar an imeascadh a dhéanann imircigh aosaigh cuid mhaith ar dhá chumasóir a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile, is iad sin scileanna teanga agus fostaíocht. Bíonn scileanna teanga de dhíth ar imircigh chun fostaíocht oiriúnach a fháil agus chun dul chun cinn a dhéanamh san obair ina dhiaidh sin. Is féidir go dtiocfaidh feabhas ar scileanna teanga imirceach agus iad i bhfostaíocht.
Is féidir nach mbíonn mórán tacaíochta sa bhreis de dhíth ar imircigh a thagann leis na scileanna teanga agus na cáilíochtaí a bhíonn de dhíth orthu. Tá an tacaíocht a bhíonn de dhíth chun scileanna teanga a bhaineann leis an saol oibre a fhorbairt ríthábhachtach don líon eile imirceach, iad siúd a thagann le scileanna teanga teoranta agus gan aon cháilíochtaí aitheanta acu. 
Comhairle maidir le conas an tacaíocht sin a sholáthar atá sa treoir ghearr seo.

Íoslódáil

Íoslódáil as gaeilge

Cé air a bhfuil an treoir seo dírithe?

Tá an treoir seo dírithe ar an lucht gairme atá ag tacú leis an imeascadh teangeolaíoch a dhéanann imircigh aosaigh. Dírítear ar ghairmithe atá ag obair sna réimsí seo a leanas:

  • foghlaim teangacha d’imircigh aosaigh
  • cláir imeasctha d’imircigh aosaigh
  • gairmoideachas agus gairmoiliúint
  • oideachas aosach
  • acmhainní daonna
  • seirbhísí tacaíochta i margadh an tsaothair.